Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 116
- XML “Na Rinnteacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Rinn na croise. Sé an chiall gur tugadh rinn na croise uirthi seo ná cloch bheag a bheith as a chionn agus deanamh na croise a bheith uirthi.
Rinn Mhuidhe. Fear é seo a chaitheadh a saoghal thíos ar an rinn seo ag marbhú bhalaig.
Rinn Chladaí an tobac. Árthach a bhíodh ag imtheacht le tobac gan fios. Chuireadar suas san cladaí seo i bpoll é.
Rinn na gCruthóg. Bhíodh neadacha aige sna cruthóga ináirde na bhárr seo.
Rinn an Chúirleóin. Ní raibh an ainm seo uirthi seo acht le gairid. Sé an chiall gur tugadh uirthi é ná: chuaidh buachaill lá ag cur(leanann ar an chéad leathanach eile)