Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 144
- XML “Bá Daoine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mór. Bhí fear aca amuigh ag baint iascáin air charraig is dá chur i málaí. Sé an ainm a bhí air sin ná Pádraig Ó Dálaig agus Seán Ó Séaghadh. Bhí Seán ag ainnliú na naomhóige. Tháinig feóthan gaoithe air. Bhí sé ag lapadaíl chun dul anáirde ar an gcloich acht d'imthig sé síos. Do tháinig sé aníos agus do bhí an fear eile ag iarraidh an rann a chur chuige act bhí sí ró ghearra agus dá mbeadh maide rámha aige do bheadh an duine eile saor sábhálta. Do tháinig an naomhóg isteach chuige agus bhí obair aige ag iarraidh an naomhóg a chur ar a béal agus bhí obair air chun an t-uisce a chur amach aisti. Bhí dhá mhaide innte agus dhá dhola agus ráimh sé míle go leith de fharraige go dtí caladh Inis Mic Fhaoláin. Do chuir sé suas i gcladach mor í agus bhí ana faitíos do bhí ana uaigneas air. Chuaidh sé suas annsan go dtí a thig a bhí ins an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Eiblís Bean Uí Cheárna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60