Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 150
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nodlaig. Do théigheadh na fir siar ins na h-oileáin ag marbhú coiníní agus is mó tráthnóna a tháingeadar abaile agus beart mor aca de coiníní saille. Do chuiridís ag beiriú iad síos i gcorcán mór agus d'ólaidís an anairthe a bhíod ortha le arán buidhe agus is é a bhíodh go breágh. Na mná na féadfadh an t-arán buidhe do dhéanamh fadó dheinidís leite bhuide ina ionad. Do chuiridís sceiléad mór ar an dtine agus chuiridís leath an sceiléaid de mhin bhreágh bhuidhe síos ins an chorcán, agus d'fliuchaidís í le huisge te. Nuair a bhíod an mhine ag fliuchaidh ar an dteine do chaithidís dorn eile mine uirthe cun í dhéanam reamar. Nuair a bhead sí beirigte annsan do chuiridís amach ar mheis mor í agus bainne gabair na teannta agus dithidís í go breág.
Do théighidís ar an dtráig agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Ceárna
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Tom Ó Cearna
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58