School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 550

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 550

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 550
  3. XML “Scéal - An Gadaí Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ars an gaduidhe óg, ach ní raibh fhios aca cé bhí aca.
    Bhíodar a' scealtóireacht go caitheamh na h-oidhche siar & fé dheire do tharraing mo leaid amach a buidéal biotáille agus shín sé glionne go dtí ceann de sna buachaillí & do chaith sé siar é. Thug sé glionne do'n tarna buachaill agus dhein sé amhlaidh. Annsan bhain sé féin sgíobas as agus shín sé gloinne ag duine arís chucha is bhí sé mar sin leo go dtí go raibh an buidéal críochnuithe aca. Tharraig sé chuige an tarna buidéal agus níor bh'fhada dhóibh á dhuigadhI gcionn tamaill d'eirig fear aca is má dh'eirig baineadh treasgairt as. Chuaidh an darna fear á thósaint agus do baineadh da bonnaibh é is buaileadh anuas ar a bhfear eile é ar an úrlár. Bhíodar ar dearg meisge is d'fhág sé sínte annsud iad gan húm ná hám asta, gan corruighe ná mothú. Cuir sé dhe leis an mbulán. Nuair shrois sé tig an ghaduidhe cuireadh fáilte geala roimis dar ndóigh. Mharbhuigheadar an bulán & ba ghearraid a' mhoill ortha an mairt a ghearradh is a cur i bpicil. Bhí an leaid óg 'na bitheamhnach críochnuithe anois agus ní raibh a shárú le fagháilt in aon bhall ar fuaid na tíre. Níor dheaghaidh aon rud de. Scadh do tháinig mac deirbhshéar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlin Ni Ghearailt
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Chiarraí
    Informant
    Tomás Mhártain
    Gender
    Male
    Address
    Márthain, Co. Chiarraí