School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 551

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 551

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 551
  3. XML “Scéal - An Gadaí Beag”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    do'n gaduidhe ag triall ar chaoire i gcomhair na Noglag. Nuair a d'imthigh sé dubhairt an gaduidhe beag go n-goidfeadh sé féin an chaoire ó'n garsún. "Cuirfead cuig púint leat" ars an Gaduidhe Dubh "ná goidfir". "Cuirfead sa cúig púint leat" ars an gaduidhe óg "go ndéanfad".
    Do ghread an gaduidhe óg leis & chuaidh sé isteach i ngort agus bhain sé dhe a bhróga. Cuir sé roim an garsún ar an mbóthar na bróga (d'éaluigh sé an comgar roim an garsún). Nuair chonnaic sé sin na bróga, ceangail sé an chaoire do thor aitinn agus d'imthig sé ag triall ortha is mbróig. Nuair fuair an gaduidhe óg an caoi sciob se leis an chaora agus bhain sé amach an tig lei. Do bhí an geall aige. Nuair chonnaic an gaduidhe dubh an ghaisg sin agus na bearta eile a bhí déanta aige tháinig eagla is uamhan air roimis. "Chuirfead cúig púinnt leat ná déanfá an cleas so" ars é leis an ngaduidhe óg. "Cuirfead sa cúig púint leat go rithfidh liom a dhéanamh" ar sé sin. "Teanam amach sa gharraidhe" arsan gaduidhe dubh. Chuadar. "Cuir an téad sa ar do mhuinéal agus tabhair léim as do corp & buail do chos ar an bhfalla trí h-uaire". "Déin-se ar dtúis é" ars an leaid. "Anois" ars an Gaduidhe Dubh nuair a chrothfad mo cheann scaoil leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlin Ni Ghearailt
    Gender
    Female
    Address
    Márthain, Co. Kerry
    Informant
    Tomás Mhártain
    Gender
    Male
    Address
    Márthain, Co. Kerry