Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 027
- XML “Mac an Mhinistir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí cailín i n-aimsir fadó ag ministir agus bhí lán tíghe de leanbhaí aige. Caitiliceach dobh'eadh an cailín agus ní híosfadh sí aon fheoil Dé hAoine. Thug mac an ministir fé ndeara í agus aon lé amháin d'fiafruig sé di cad na thaobh ná híosfadh sí an feoil; dúbhairt sí ná itheann aon çhaitiliceach aon fheoil Dé hAoine; agus dhein sé féin aithris uirthi.
Tar éis tamaill cailleadh mac an mhinistir agus tamaill tar eis a bháis tháinig sé go dtí an cailín aimsire agus dúbhairt sé léi:-
Ghaibheas suas an bótharín chum dul go dtí flaitheas Dé,
Bhí dhá mhaistín (?) ar gach thaobh díom,
Agius máthair an diabhail ar an dtaobh clé,
Ghaibheas suas chum doras na bhFlaitheas.(leanann ar an chéad leathanach eile)