School: Scoil N. Íde
- Location:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Teacher: Éamonn Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Íde
- XML Page 113
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí baintreach bhocht na cómhnaidhe i dtig beag fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Seán a b'ainm do agus amadán do b'eadh é. Bhí sé cómh mór agus cómh láidir lé fathach ach bhí sé ana óg. Nuair a theastóchadh uaidh suidhe is amhlaidh a chuirfeadh sé a dhroim leis an dteine mar dá gcuirfidh sé a chosa léi bheadh a dhroim i n-aicean duiris agus bheadh sé leath-ta.
Aon lá amháin bhí sé ag féachaint suas ar frathacha an tíghe chonnaic sé claidheamh meirgeach anáirde. D'éirigh sé agus thóg sé anuas é. Bhí ainm athar scríobhtha air agus an gaisge a dhein sé. Bhí ana áthas air agus thosnuig sé ag glanadh an chlaidhimh. Níor stad sé nú go raibh sé cómh glan lé sgilling aige. Annsan dúbhairt sé lé na mháthair go raghadh sé ag obair do féin. Bhi ana áthas uirthi mar ná raibh sí ábalta ar bhiadh a sholáthar do.
D'imthigh sé air gur bhuail cailín leis agus í ag gol. Dúbhairt sí gurbh í inghean an rí í agus(continues on next page)- Collector
- Cáitlín Ní Ghairbhíghe
- Gender
- Female
- Informant
- Séamus Ó Laoí
- Gender
- Male
- Address
- An Fheothanach, Co. Chiarraí