Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 106
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt feirmeóirí na gcómhnaidhe thiar i Márthain. Seán Ó Cíobháin dob ainm do dhuine aca agus Dátha Mac Gearailt an fear eile. Bhí aon mhac amháin ag Dátha Mac Gearailt agus aon inghean amháin ag Seán Ó Cíobháin. Caileadh Dátha Mac Gearailt agus bhí Seán Ó Cíobhain ag troid lé mac an Ghearaltaigh i n-aghaidh an lae go gcuir sé as a chuid talmhan é. Bhí eagla air go bpósfadh a inghean féin an Gearaltach so.
B'éigean do imtheacht go Sasana. An lá sar ar d'imthigh sé bhí sé ag cainnt lé inghean Sheáin Uí Chíobháin agus dúbhairt sí ná pósfadh sí aon fhear go deo ach é dá ngeallfadh sé dhi go dtiocfadh sé abhaile. Thug sé deighealáil blianta i Sasana sar ar tháinig sé.
Nuair a tháinig sé abhaile nior d'aithn aoinne é. Bhí sé ag imtheacht ar fuaid an bhaile ó thig go tigh. Chualaidh se go raibh inghean Uí Chíobháin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Ghairbhíghe
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Ghairbhíghe
- Inscne
- Fireann