Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Íde
- XML Leathanach 154
- XML “Scéal”
- XML “Aimsir na Soupers”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ní raibh air leathphíngin ruadh do chaitheamh le tobac.
- Bhí a lán Soupers i gCathair Cuinn agus ins na Cluaintithe. Nuair deinti faic le heinne aca bhiodh eagla ar Caitilicí gabháil amac taréís tuitim na h-oidhche.Do bhí fear ins an gColony i mBaile 'n Fhirtearigh. Seán the Cainit tugtaoi air. Do bhíodh bíobla dá léígheamh aige dos na Soupers gach Domhnach.Bhí sé an Domhnach so pé n' Éirinn é ag gabháíl soir an bóthar, agus bhí sgata fear agus buachaillí bailighthe le chéile ag feitheamh go mbuailfí clog an Aifrinn.Do ghaibh Seán thórsta (?) agus a bhíobla fé'n oscail aige. Do deineadh fead nó dhó fhé, agus chaith duin'd eigin 'ruchar - ciadhrán nó méáróg cluiche. (?) D'aimsig (?)(leanann ar an chéad leathanach eile)