Scoil: Scoil N. Íde
- Suíomh:
- Márthain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Éamonn Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Láidir.
Bhí fear úair i mbaile Eagailse dárbh ainm do Seán Láidir. Feirmeóir maith tábhachtach dob eadh é, go raibh ceithre cinn déag do bha aige, agus toisc go raibh aon bheagáinin teasbaidh air chaith sé ceann do saighdiúirí Bhannríogan Eilís a chothú.
Saighdiúir abeadh é seo a bhí lán de rógaireacht agus de choir. Chaitheadh feóil úr a bheith aige gach aon lá chun dinnéir aige agus ollmhaithisí eile nach é, pé áit go bhfaighfí iad. Bheadh an saighdiúir ag ithe ar ceann an bhúird agus Seán Laidir ón dtaobh eile dho agus gan faic aige ach prátaí agus salann, agus núair a bheadh an cnámh priscaithe ag an saighdiúir , chaitheadh sé ar Sheán é ag rádh: "Seo my dog pick that". Ní raibh aon Bhéarla ag bean an tighe(leanann ar an chéad leathanach eile)