Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ceannac cuid dos na prátaí uatha chun síl. Do bhí na daoine ag obair at thistúin sa ló an uair sin. Do bhi min-déirce á thabhairt amach san nDainghean. Do gheibheadh gach duine ceithre clocha don min gach seachtmhain. Do bhí na sagairt á thabhairt amach leis dos na daoine. Do cailleadh mórán daoine an uair sin. Do bhí suas le céad tig i mBaile Móir agus do cailleadh a bhfurmhór tímcheall na h-aimsire sin. Do bhí biadh ana gann. Do bhí trí púint ar mála míne agus ní bhíodh sé le fáil in aon cor uaireannta. Do bhí na tighearna talmhan ana cruaidh ar na daoine. Do bhí Bess Rice san áit seo agus bhí sí ana cruaidh.Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Máire bean Uí Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean dom é. - Cluichí
1. Ag imirt poiríní:-Bímíd ag imirt cluiche le cloca uaireannta. Faghaimíd cúig cloca agus téigheann triúr nó ceathrar againn ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Ghríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí