Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 188
- XML “An Doineann”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eile agus cuireadh míle ón dtig é.
Siobháin Ní Fhiannachta, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Máire Ní Fiannachta, Baile Góilín, Dainghean di é. - Seana Céardanna
Ní raibh aon éadaighe siopa a n-úsáid fadó. Dheineadh na daoine sníomh a dhéanamh ag baile agus iad a dhathú leis. Dheiniidís ruaim do barra na sgeach agus as rútaí na sgeach agus as samha. Cuiridís lán an corcáin ag beirbhiúghadh ar an dteine. Caithfeadh sé bheith ag fliuchaidh trí uair a cluig. Deintí dath buidhe as duileasg na gcloch. Ní dhéanfadh an ruaim an ngnó, chathtaoí an bhódh agus an cuprós do ceannach le cur tríd an ruaim agus dheineadh sé dath dubh. Cun cótaí do dhathú dearg cathtaoí dath dearg a ceannach agus ailim vinegar nó mar a mbeadh vinegar agat. Dhéanfadh meadhg géar an gnó. Bhíodh sé do nós ag daoine fadó caora nó bó a mharbhúghadh i gcóir an Nodhlag. Coimeádfaidís an gheir a bheadh ionnta. Leaghaidís an geir agus thagadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fhiannachta
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí