Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 237
- XML “Duine Cáiliúil”
- XML “Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)macairí. Thánadar Béal na gCloc aniar go Baile Móir. Bhíodar sa Bhaile airís go luath tráthnóna agus cuaidh an beirt aca a chodhladh an oidhche sin. Ar maidin go moc d'eiriig Seámas Ó Gormáin. Dúbhairt sé leis an fear eile an raibh sé 'na shuidhe acht dúbhairt sé go raibh raibh gac aon cnámh 'na corp tinn. Dúbhairt Seámas Ó Gormáin go raibh sé féin cómh maith agus a bhí sé riamh agus dhein sé babhta rinnce. Do cuaidh an fear thar lear abhaile agus ní fada a bhí sé sa bhaile nuair a cailleadh é taréis an' siubhlóid ar fad.Máire Ní Gríbhthín, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean dom é. - Doineann
Tímcheall deich mbliadhna fichead ó shoin tháinig gála mór gaoitne i bparóisde Múrach. Tímcheall na Nodhlag a b'eadh é. Do thosnuigh sé ar a deich a chlog san oidhche agus ní chiúinigh sé go maidin. Ní raibh aon coinne ag aoinne leis. Níor fhágadh aon stáca sa pharóisde nár séideadh. Bhí stán(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí