Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (uimhir rolla 16892)
- Suíomh:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dll. Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 238](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0424%2FCBES_0424_238.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0424, Leathanach 238
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín)
- XML Leathanach 238
- XML “Doineann”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus slinnte ag imtheacht le gaoithe. Ní leigeadh eagla do aoinne a cheann a chur thar doras. Nuair a d'eirigheadar ar maidin bhí gach aon garraidhe leimhéalta. Do séideadh ceann tíghe le muinntir Séaghdha siar dhá mhíle ó'n mbaile. Thóg sé an lá ar fad uatha a gcuid do bhailiú. Bhí na seán-daoine á rádh nár tháinig a leithéid de ghála le céad bliadhna. Pádraig Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean.
Thug Seán Ó Súilleabháin, Baile an Góilín, Dainghean do é. - Seana Ceárdanna.
Tímcheall cúig mbliadhna déag ó shoin cuaidh Seán Mac Gearailt go dtráig na Muirighe ag triall ar ualach gainimhidhe. Fuair sé sathach caithte isteach ar an dtaoide agus thug sé abhaile leis é. D'osgail sé an sathach agus bhí fhios aige gur geir a bhí ann. Do cuir sé isteach san corcán cuid de agus do leigh sé é ar an dteine. Fuair sé múnla cun coinneall a dhéanamh don ngeir. Fuair sé tairghne agus ceangail sé blúire snáithín bán d'aon dtairghne agus do cuir sé treasna ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Baile Mór, Co. Chiarraí