Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Paidir roimh dul go dtí an t-AifreannLá breagh saoire bhron Críost ar a Eaglais.
Corruigh mo chos go moch chun Aifrinn.
Corruigh mo bhéal chun Breithre Beannuighthe
Buail mo lámh ar slabhradh an anma (An Paidrín)
Tóg mé suas chun Mac na Banaltran
'Sé is mó cheannuigh sin agus 'Sé geobhaidh beo is marbh shin
Mar ní hé ár gcolainn a thug aon léigeaim dúinn
Acht an t-Árd-Rí mór ná labharfaidh bréag linn.PaidirA Íosa go bhfuil t-Ainm-se sgríobhtha os cionn gach ainm eile dá aoirde.
Umhluigheadh gach glúin go bhfuil Tú chomh chomhachtach leis an Athair, leis an Mac, leis an Spioraid Naomh. Toil Dé go ndeinimíd, Greann Dé go dtuilimíd, Ar bhóthar na nGrást go dtéighimíd, Srian le n-ar dteangann go gcuirimíd. Glór na Naomh is na n-Aingeal go gcloisimíd. Ó, a Thiarna go gcuirfidh tú isteach ár gcroidhe, osnaighe, aithrighe, deasgrádh Naomh Eoghain, Foidhne Naomh Iosep, Aithrighe Naoimh Augustín, deoracha Naomh Máire Maigdileán.
Fuasglóir an chinneadh daonndha agus onóir an lae indiu, go gcuiridh tú na grásta san ár gcroidhe fé mar bhíomair-ne rí-pháirteach, go dtabharfaidh tú dhúinn bheith rí-pháirteach i n-aoibhneas agus soghluistí síorruidhe na bhFlaitheas agus a bheith i gcomh-luadar na Naomh is na n-Aingeal. Flaithis Dé go bhfaghaimíd mar dualgas ar uair ár mbáis. Amen.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí