Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán (ar lean)
“Tá gleann ag an múrach ar chúlaibh chnuic Bhréanann”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tá an dá easbol déag ann ag déanamh na Cásga
Tá na h-aingil in-a ndiaidh ann is is dian breagh é a gcáil ann
Tá an trócaire ó Dhia ann an té triallfadh i d'fhághail ann
111.
Tá lanntanáin aoibhinn idir bhuidhe theas is banndam
Mar a bhfaghainn adhmad mo thíghe ann is fuighleach de'n crann dair
Idir lochta idir bíoma is dá aoirde chuirfinn ceann air
Is scuab sé an barr sionna ó choilltibh na nGleann.1V.
Tá gleann ag an h-Ordhach gur choir dúinn é mholadh
Gleann íseal, gleann uasal, gleann scuab bheart na Righthe
Is gurbh é an gleann gur sia uait
A rug buadh na dtrí Rioghacht leis.V.
Tá gleann ag an gCeallachánach agus deir siad gur fíor é.
Go bhfuil luingeas is báid is is dian bhreagh thagann gaoth ortha
Bíonn an copar is an prás ann,an pláta ann is an péatar
'S an Cuan geal chun snámh ann chomh breagh is tá i n-Éirinn.- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shuilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Lochaigh, Co. Chiarraí