Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- XML Leathanach 070
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Bhí bean ann fadó agus bhíodh sí breoidhte i gcomhnuidhe. Ní bhíodh aon phort aice acht “nár bhreagh liom dá sciobfadh an bás leis mé”. Bhíodh a fear cráidhte ó bheith ag eisteacht leí agus aon lá amháin fuair sé ganndal agus do phrioc sé é. Do thug sé an ganndal isteach go dtí an bhean agus do chuir sé ar lár an úrláir é. Nuair a chonnaic an bhean an ganndal cheap sí gurb é an bás a bhí ann. Do léimsí in-a seasamh agus do liúigh agus do bhéic sí “mhuise gaibh lastall” ar sí “agus beir é féin leat.
- 2. Bhí bean san Daingean le linn an droch-shaoghal agus chuaidh sí go dtí an Ministear – “Thomás an Éitigh” a rádh leis go raibh sí chun iompochadh agus an creideamh Catoilicighe do séanadh. “Tá go maith” arsa Tomás “Tair an teampall Dia Domhnaigh agus nuair a chuirfeadsa ceist ort cad a thug annseo tú freagair – ag lorg an fhír-chreidimh”. Seadh, d’imthigh an bhean agus nuair a tháinig an Domhnach chuaidh sí an teampall.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sinéad Ní Ghogáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile an Éanaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Athair Mac an t Saoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Beag, Co. Chiarraí