Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Cormac
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tugadh sí liathróid nó bronntanas éigin abhaile chuige. Tháinig sí abhaile lá áirighthe agus b'é an chéad cheist d'fhiafruigh sé dí ná an raibh aon sgéal nuadha aice. Dubhairt sí ná raibh ach go mbeadh cluiche peile a imirt i n-áit áirighthe i n-am áirighthe.
D'fhiafruigh sé dí an leigfeadh sí ann é"A bhleagárd" ar seisean "ná bíodh cuimhneamh agat ar a leithéid do rud." Bhí giob geab aige léi go mb'éigin di cead a thabhairt dó. Chuaidh sé amach sa choill, lá amháin agus tharraig sé géag anuas de chrann agus dhein sé comán de. Nuair a tháinig an lá imirte d'éirigh sé le h-éirghe na gréine agus d'imthigh sé fe dhéin páirce an imirte. Lean a mháthair é i gan fios do. Chuaidh sé isteach sa pháirc agus d'fhan an mháthair i bhfollach tamall uaidh.Bhí sí ag tabhairt gach nidh fé ndeara go mór mhór an buachaill féachaint cad é an fuadar a bhí fé.
Chuaidh sé isteach sa pháirc. Bhí buachaillí óga an pharróiste bailighthe ann, bhí tinncéirí ann leis ag féachaint ar na buachaillí ag imirt. D'fhan Fionn Mac Cumhail tamall á dtabhairt fé ndeara. Nuair a ghaibh an liathróid chuige bhuail sé le'n an chomán é agus chuir ar an taobh eile de'n ghort é. Rith sé go dtí an taobh eile agus bhí sé ann sar a bhí an liathróid ar an dtalamh. Thóg sé le buille eile é agus chuir ar an dtaobh eile arís é. Dhein sé é sin a cúig nó a sé d'uairibh. Stad na daoine ag faire air. Bhí iongnadh ortha. Ní raibh aithne ag aoinne air. Dubhradar le chéile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Padraig Mac Gearailt
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Shé, Co. Chiarraí