Scoil: Clochar na Toirbhirte, An Daingean
- Suíomh:
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An tSr. Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 114](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0425%2FCBES_0425_114.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0425, Leathanach 114
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon uair amhain do bhí bean ann agus bhí dáréag chlann aice. Bhí sí féin an-aosta san am, ach ní raibh an leanbh a b'óige ach cúig bliadna d'aois. Ba mhaith leis an tsean-bhean gal tobac a bheith aice go minic sa ló agus istoidhche leis. Aon oidhche amháin do ghlaoidh sí ar duine de's na leanbhaí a píopa do d'fhagháil di i lár na h-oidhche. Chuaidh duine acu go dtí an cistín agus chuala sí na sidheoga ag gáire is ag gáire ann. Rith sí thar-n-ais airís go dtí an leabaidh.
Annsan chuaidh duine eile acu ag lorg an phíopa , agus chuala sise an gáire ceadna agus rith sí thar n-ais airís. Chuaidh gach duine acu go dtí an cistin mar sin, chuala gach duine acu an gáire agus rith thar n-ais airísgo dtí an leabaidh. Sa deire chuaidh an leanbh a b'óige síos go dtí an cistin, ach má chuaidh mhairbh na sideoga é. Do baineadh an oiread san de gheit as an sean-bhean gur éag si i bpoinnte boise.- Faisnéiseoir
- Brighid Bean Uí Chinnéide
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Gairm bheatha
- Siopadóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Daingean Uí Chúis, Co. Chiarraí