Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 041](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0426%2FCBES_0426_041.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 041
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 041
- XML “Comharthaí Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a chloisfir an Cuas Breac ag labhairt. bhí deimhnightheach dó go bhfuil gaoth aneas 's andeas chúghat agus tulcaí báistighe.
(Séamus Sheáin Jim 8-7-27)Nuair a labhrann an Cúltráig bíonn gaoth adtuaidh chugat; lár an bhéil agus as san ó dheas go dtís na Clocha Dubha gaoth anoir díreach agus ciúnas fairrge(m'athair P Ó Súilleabháin 1927)
(aos 78bl)Aon uair chífir smútán ag éirighe aníos as na failltreacha - smútán mar bheadh ceó drúchta - bí deimhnightheach go bhfuighir droch aimsir as
1927. (Séamus Sheáin Jim)73bl.Ólaidhe móra gaoithe 'noir na Nodlag (bíonn ólaidhe móra ar nós umairí agus gleannta le feisgint ar an bhfairrge roim Nodlaig)
oide scoile, chaith tamall san oileán: S. Ó Caomháin ná maireann (1929)Nuair a labhrann Tráig Dhíomhaoin (sa Chaisleán) bíonn breaghthacht aimsire aice á fhógairt.
(Pádruig Ó Súilleabháin)1927Gealach na Samhan an ghealach is gile sa bhliain.
(Pádruig Ó Súilleabháin)1927Gaoth ruaga na (an) Mhárta. Gaoth ghuardail an Fhóghmhair
(Pádruig Ó Súilleabháin) 1927Lá San Póil má fhógruigheann an ghrian an teas
Beidh grán go leór agus an fóghmhar na dhiaidh go maith
Ach má thagann an ceó ar an mbóchna aniar 's 'ndeas
Sé deir na fáig is mó nach leómhadh de'n bhliain bheith maith
(Pádruig Ó súilleabháin)1927
Na coilg ag glaodach is an lá ag breacadh is na cearca maola ag gogalaig
Máire Bean Uí Ghribhthín Feóthanach 1926- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Ghribhthín
- Seoladh
- An Fheothanach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Séamus Sheáin Jim
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78