School: Cluain Chumhra (roll number 15660)

Location:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 041

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 041

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain Chumhra
  2. XML Page 041
  3. XML “Comharthaí Aimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Nuair a chloisfir an Cuas Breac ag labhairt. bhí deimhnightheach dó go bhfuil gaoth aneas 's andeas chúghat agus tulcaí báistighe.
    (Séamus Sheáin Jim 8-7-27)
    Nuair a labhrann an Cúltráig bíonn gaoth adtuaidh chugat; lár an bhéil agus as san ó dheas go dtís na Clocha Dubha gaoth anoir díreach agus ciúnas fairrge
    (m'athair P Ó Súilleabháin 1927)
    (aos 78bl)
    Aon uair chífir smútán ag éirighe aníos as na failltreacha - smútán mar bheadh ceó drúchta - bí deimhnightheach go bhfuighir droch aimsir as
    1927. (Séamus Sheáin Jim)73bl.
    Ólaidhe móra gaoithe 'noir na Nodlag (bíonn ólaidhe móra ar nós umairí agus gleannta le feisgint ar an bhfairrge roim Nodlaig)
    oide scoile, chaith tamall san oileán: S. Ó Caomháin ná maireann (1929)
    Nuair a labhrann Tráig Dhíomhaoin (sa Chaisleán) bíonn breaghthacht aimsire aice á fhógairt.
    (Pádruig Ó Súilleabháin)1927
    Gealach na Samhan an ghealach is gile sa bhliain.
    (Pádruig Ó Súilleabháin)1927
    Gaoth ruaga na (an) Mhárta. Gaoth ghuardail an Fhóghmhair
    (Pádruig Ó Súilleabháin) 1927
    Lá San Póil má fhógruigheann an ghrian an teas
    Beidh grán go leór agus an fóghmhar na dhiaidh go maith
    Ach má thagann an ceó ar an mbóchna aniar 's 'ndeas
    Sé deir na fáig is mó nach leómhadh de'n bhliain bheith maith
    (Pádruig Ó súilleabháin)1927
    Na coilg ag glaodach is an lá ag breacadh is na cearca maola ag gogalaig
    Máire Bean Uí Ghribhthín Feóthanach 1926
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Ghribhthín
    Address
    An Fheothanach, Co. Chiarraí
    Informant
    Séamus Sheáin Jim
    Gender
    Male
    Age
    73
    Informant
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    78