School: Cluain Chumhra (roll number 15660)
- Location:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Súilleabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is chugat-sa thána ag gearán mo sgéil leat
'S a d'iarraig mo leighis i gCúntas Dé ort"
Beannacha Tobair Fionáin"Beannuighím duit a Fhíonáin Naomhta sl."
Ní lia duine ná an módh a dtugtar an turus ach is gnáthaí go mbíonn beirt nó níos a mó i dteannta chéile á thabhairt agus seo mar is mó a tugtar é.
1) Beannacha an tobair le chéile ós árd os cómhair an tobair amach.2) Chúig deichneabhair de'n gCoróin Mhuire do rádh ar a nglúinibh i leath-taoibh ó'n dtobar ar chuid des na cairrgeachaibh móra ann. Deireadh na sean-mná "Teachtaireacht an Aingil" agus paidreacha eile.3) Naoi mion-phúróga nó "caoigidí" do thógaint as an séiltheán ó'n dtobar, gabháilt tímcheall an tobair agus Abhé agus A Naomh Mhuire do rádh le linn gach tímcheall do thabhairt agus le linn gabháilt thar séiltheán an tobair an ghlúin do lúbadh agus leigeant do chaoigide tuiteam san uisge. Cómh luath is bíonn na caoigidí caithte bíonn deichneabhar eile den gCoróin ráidhte. Annsan deirtear an Glóire ag teacht amach ó'n dtobar go dtí'n áit na rabhthas ar na glúinibh ar dtúis.4) Ar na glúinibh airís deirtear deichneabhar eile ós árd - nó ós iseal más duine aonair a bhíonn ann.5) Nightear an aghaidh agus na lámha i séiltheán an tobair agus óltar deoch de'n uisge - leis an mbais is gnáthaí an t-uisge sin do thógaint chuig é ól. Agus cuirtear bronntanas éigin nó rud éigin mar "chómharthaidhe" isteach sa chiste atá ag gach tobar de'n dá cheann so Tobar Muire agus Tobar(continues on next page)