Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 066](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0426%2FCBES_0426_066.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 066
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)uair sin. Ní raibh muinntir Chinn Áird riamh gan annlan éigin leis na prátaí acu. Nuair ná bíodh an t-iasg flúirseach agus b'annamh san am úd, bhíodh cnósach trágha acu ruacain nó seadáin gainmhí ó'n dTráigh Bheag, iasgáin is miongáin ó'n gcladach thíos agus báirthnig ó'n mBéal - seadh mhuise nó an sleaidí féin. Beag a lucht a bhí air.
Is cuimhin liom na leabhra a bhíodh acu ar na sgoileanna san d'fheisgint "Reading Made Easy" an leabhar Béarla agus "Vester's Arithmetic." Nuair a bhíodh an aimsir go h-olc nó go fliuch istig i mbothán a bhídís bailighthe le chéile. Ceann tuighe nó brínighe a bhíodh air agus falla fóidín. Ní raibh ach an t-aon fhuinneóigín amháin ann agus is tríd an ndorus is mó thagadh an solus. Nuair a bhíodh an aimsir go maith is amuich cois claidhe a bhídís. Shocruigheadh gach scoláire (dalta) cloch cois claidhe do féin chun suidhte airthe agus chuiridís scraithín glas anuas airthe agus uaireannta dorn raithnighe. Fwuch annsan ar b'olc an suidheachán in aon chor í. Ar a nglúinibh a bhíodh an tsléit (slinn) agus anuas airthe sin a bhíodh a páipéar chun sgríobhtha. Iad féin a deineadh an ink (dubhacán) as préacha na sgeach agus préacha na samha chómh maith. Cleití na nGéann nó na nguinéad a bhíodh mar steel-pins acu. Bhíodh cleití na nguinéad go flúirseach ar Thráig Chathail annso thiar tráthanna de'n mbliain. Bhailídís suas iad agus chuiridís i dtaisge iad go dtí go mbíodh gnó dhíobh. Tógadh sgoil annsan i Liospóil Árdamór (1841) in aice an tsáipéil. Nuair a bhí mo(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 78