Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 069

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 069

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 069
  3. XML “Siobhán na nGíleach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an uair sin in inead na ngárdaí. An Fhaid a bhíodar imthighthe nár inis an ingean an sgéal go léir de'n mbuachaill. Chuir sé sin do annsan, ach má seadh do lean an cailín é. Chómhairligh sé dhe dul abhaile cheithre h-uaire ach níor bh'aon mhaith dho bheith léi, ní fhillfeadh sí abhaile. Nuair a thángadar go Cromán thall, b'éigean dóibh an fharrge do snámh chun teacht treasna agus mheas sé go gcuirfeadh an fhairrge eagla uirthe agus go bhfillfeadh sí abhaile ach nuair fheuch sé 'na dhiaidh chonnaic sé í sa tsnámh 'na dhiaidh. D'iompuig sé siar uirthe annsan agus thug sé gach congnamh de chun teacht anall. Thángadar go Cinn - Áird agus phósadar ach bhí na saighdiúirí go coitchianta ar a thóir. Pé sgéal é thángadar go Cinn- Áird ar a lorg lá agus nuair a bhraith sé ag teacht iad chuaidh sé isteach sa seana fhothraig - an seana- sáipéal - a 'teiche uatha. Fuaireadar ann é agus ghabhadar é. Nuair a bhíodar á thabhair amach d'fhiafhruig sé do'n oifigeach an raibh aon dul aige ar a phas d'fhágail. Dubhairt an t-oifigeach ná raibh aon dul aige ach oiread agus bhí aige dul de léim thar falla an tsean sháipéal amach. "Agus dá raghainn de léim tharais an fhalla san," arsan buachaill. "A ndeireann tú liom go bhfuighinn mo phas?" "Muine gheóbhfá" ar an t-oifigeach mar fear onórach dob'eadh é.
    Thug an buachaill fé'n bhfalla agus nuair a bhí sé á ghlanadh amach do bhuail sál a bróige ar chloich uachtarach an fhalla. Nár chuaidh sé isteach airís agus thug sé fé'n bhfalla amach an tarna h-uair agus do ghlan sé go neamh-spleádhach é agus fuair sé a phas. Tamall na dhiaidh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Leac Shiobhán na nGeimhleach, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Ístínigh, Co. Chiarraí