Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar eagla go ndéanfaidís díogbháil. Tar éis tamaill d'inis sise dóibh cé'r bhí féin agus cá raibh cómhnuige ar a muinntir. Ní cuimhin liom anois cé'n baile lastiar de Dhaingean ach chuadar siar lá'r na mháireach í féin agus Brian agus is amhlaidh a tháinig anabhá ar a muinntir mar go ndubhradar go raibh a n-ingean féin tar éis bháis agus go rabhadar tar éis í cur san uaig dhá lá roimhe sin gurab amhlaidh a bhí sí ag crúdh na mbó amuich sa ghort tráthnóna nuair a buaileadh breóidhte í. Chuadar go dtí an sagart agus d'iniseadar do mar bhí. Dubhairt seisean leó dul agus an uaidh d'osgailt feuchaint an raibh an chómhartha ann. Bhí an chómhartha ann ach nuair d'osgaluigheadar í bhí sí follamh. B'é crí'a sgéil é gur deineadh cleamhnas do Bhrian agus an cailín agus mar gheall air sin a deirtear an chainnt sin thuas. Nuair a fhiafruightear do dhuine cá bhfuair sé é seo nó é siúd agus óir ná teastuigheann uaidh aon eólas a thabhairt uaidh a deir sé "Fuaras ó Dhia mar fuair Brian bean."
Sar a cailltear aoinne dos na Doyles riamh ó shoin cíodhtar samhlaoidí laethannta agus oidhcheannta roim ré agus cailltear gach aon duine acu obann. Slán mar a innstear é. Tá cnopóg lastíos de thig a'tSíthig ar an bhFotharaig, "Cnapán na Marbh" a tugtar fós ar an gcnopóig sin agus bíonn fuil go flúirseach doirtighthe ann sar a gcailltear duine des na Doyles. Ach feuch, duine des na Doyles dob'eadh sean-mháthair Shéamuis agus níor cailleadh í sin go raibh an céad buailte aice agus níor cailleadh obann í ach oiread. Ach an oidhche a cailleadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann