Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)

Suíomh:
Cluain Chortha, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 095

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 095

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain Chumhra
  2. XML Leathanach 095
  3. XML “Tomás an Éithigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    leabhartha Gaedhluinne damanta gann. Pé 'cu san é dheineas amach gur paidreacha a bhí ins na billeóga úd ach nach mara chéile an "tÁr nAthair atá ar Neamh" is a bhí sé againne sa bhaile. Nuair chonnaic an bhean mé ag gliúcaoil ar na billeóga chuaidh sí síos sa tseómra - Bhí dhá dhorus ag dul síos ó'n gcistin - ceann ar gach taobh - Nuair a chuaidh sí síos d'fhág sí an doras ar leath-oscailt 'na diaidh agus chonnac í ag tógaint leabhair agus ag iompó na mbilleóg ann mar bheadh sí ag cuardach leathnach áirighthe ann. Thug sí aníos annsan é agus chuir sí osgailte ar an mbórd é lastiar dem'dhrom é. Bheartuigheas ná tabharfainn mar shásamh di go bhfeuchfainn in aon chor air. Ach bhris ar an bhfoidhne agam. Ní raibh aon leabhra Gaedhluinne ag imtheacht an uair sin ach pé ceann mar sin Gallda a sgaipead na Sasanaig imeasg na ndaoine d'iarraidh iad do tarrac chun an Chreidimh. Ní fheacasa sa bhaile riamh aon cheann. Ach bhí an buachaill eile ar buile dearg liom-sa toisg gur thógas an leabhar osgailte agus gur fheuchas air in aon chor. Dubhairt sé go bhfuigheadh sí £5 as mo chíocaras-sa chun na Gaodhluinne. B'é fear a tighe an Bible- Reader a bhí ag an ministir.
    Bhí muínntir Fionn Trá' ag dul go dtí'n tAifreann 'n fhaid is bhíomair istig sa tigh agus suas trís na guirt a bhíodar ag gabháilt mar a bhful an sgoil anois a bhí an sáipéal an uair sin. Bhí na daoine ag gabháilt suas agus nuair a dh'fheuc an bhean amach. "Cuireann sé sgropal ar mó chroidhe" ar seisean "na daoine dh'fheisgint ag pasáilt an gheamhair sin agus iad ag dul chun Aifrinn Dé." Ach am baisge go ndubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann