Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 116
- XML “Dhá Árthach i gCuan Fionntrá”
- XML “Long an Fhíona”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cúntaisí ó'n bhfear anoir agus srois sé suas isteach go Caisleán na Maingne ach bághadh an ceann eile ar an mbarra agus níor saoradh aoinne a bhí innte. Áit ana anacair iseadh an barra agus casann an sruth anonn sa'nall.
- Bhí tamall ann agus ní raibh tig na treabh ar talamh Cinn-Áird-Iarraighe ach amháin pé fotharach a bhí ar Árd-na-Fotharaighe-Gile. Ní fheadar gadaé'n saghas fotharaighe a bhí ann. Ach tá cuid des na clocha geala a bhí á tógaint thall is abhfus ins na cladhthacha tímcheall. San am san bhí a lán aitin agus raithnighe agus gach aon tsaghas lutharnaighe ag fás go h-iomadúil ó Cheann Árd a' Teampaill go fairrge. Bhí an áit go léir na bhfásach crón-ceart. Nuair a bheireadh bó amuich an uair sin caithtí seachtmhain fada díreach go minic á lorg. Seán Mór ÓGríbhthín go raibh cómhnuighe air i gCeann-Árd-an- Teampaill go raibh an líomatáiste sin go léir aige. Taoiseach de shórt dob'eadh é agus bhí cáirdeas mór idir é agus dream éigin sa bhFrainnc agus is mó bairrille bríoghmhar fíona a tháinig isteach go Cuas- an -Chapaill agus in Chúl Tráigh agus go Cuaisín na mBó in am mairbh na hoidhche. Maidean bhreágh sa tsamhra bhí ceó tirim dorcha marbh anuas ar an dtalamh is ní mór go bhfeicfeá an té a chuirfeadh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann