Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 119
- XML “Smuigléireacht nó Ganfhiosaíocht”
- XML “Ní le Gátar a Thóg Ventry an Práta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fionn agus tobac is mó bhíodh ag teacht isteach sa tslighe sin an uair sin.
Tháinig bád mór fíona isteach go cuan Airt-na-Caithne agus nár lean ceann de longacha na banríona -Man o' War- is dócha! Agus d'fhan sí lasmuich de bád an fhíona. Bhí eólus na háite go maith aige deállruighim agus dhruid sé isteach ana fhada. Ach d'fhan long na banríona lasmuich ag faire air. Cuireadh oifigí fé dhéin long an fhíona ach má seadh ní fheadfaidís aon chuardach coir a dhéanamh toisg an lodáil a bhí os cionn an fhíona. Thug long an fhíona fé ndeara go raibh an ghaoth ag séideadh uaidh féin fé dhéin sguth garbh aindeis agus nuair thuit an oidhche cuir an captaen amach bairrille folamh agus solus air agus sgaoil sé le gaoith é fé dhein na talmhan. Chonnaic an Man o' War an solus agus cheapadar gur b'amhlaidh a bhítheas ag cur an fhíona i dtír agus thugadar iarracht ar an solus a sháthrú. Nár rith sí ar an sguth.Nuair a bhraith captaen an Fhíona sa treaip í ní raibh a bhac air a dóthain aimsire a thógaint ag cur an fhíona i dtír. Chaith an man o' War mí fada díreach ar an sguth ann.- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí
- Chaith duine des na leanbhaibh sin práta mór le ceann des na gamhna lá - óir ná féadfadh sé cloch dh'faghail fé na láimh.
Dubhairt a sean-athair gur mhór an náire dho a leithéid a deanamh go raibh Lord Ventry ag gabháil an bhóthair agus buail práta leis. Thóg sé é agus chuir sé na phóca é. Agus ní haon easba bhí air.Bn Uí Shúilleabháin, Cinn Áird (máthair Sheáin -an máistir scoile)