Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 155
- XML “An Teampall Liath”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cuireadh an capall ins an reilg timcheall an teampaill agus níor cuireadh aon chríostaidhe ó shoin riamh sa reilg ann.
[Innstear an sgéal céadna i dtaobh Teampall Chille Mhuire thíos ar an Mionáird. Nuair a chuir Captaén Heckson na sagairt chun fáin as an áit (Cill Mhuire) thuas i gCrúibín na Muice a chuireadar futha ar feadh tamaill sar ar aistrigheadar síos ar an Eaglais mar a bhfuil an reilg anois. Tá cuid des na h-uaganna le feisgint fós i gCrúibín na Muice. Ach nuair a chuir Heckson an capall in uaig thós i gCill Mhuire nár tháinig Cráin mhór muice an oidhche sin anois ó'n bhfairrge agus raob sí agus thómhach sí an uaig na raibh an capall curtha agus strac sí an seana chreatallach chapaill as a chéile agus d'imthig sí léi síos in fairrge airís agus níl aon oidhche na dhiaidh san ná tagadh sí cun na reilge go dtí ná raibh fagta de'n gcapall ach na cnámha na féadfadh sí a chogaint.Fuaireas an giota so ó Mícheal ÓSúilleabhain 2Mícheál Joany" ó'n Mionáird atá os cionn 80 blian d'aois]Ach duine des na Báróidig a bhí ag tógaint tighe pé slighe gur chuir sé dúil i gcloich mhóir ana dheas a bhí sa seana teampall agus a 'rúnóchadh go h-aluinn os cionn dorais nó fuinneóige sa tig nuadh. Thug sé leis í ó'n dTeampall ar tuiteam na h-oidhche agus chuir sé sa bhfalla í. Ní beadh aon ní aig na saoir le déanamh ach í coiriú sa bhfalla lár na mháireach. Ach lá'r(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Mhuircheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bóthar Breac, Co. Chiarraí