Scoil: Cluain Chumhra (uimhir rolla 15660)
- Suíomh:
- Cluain Chortha, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain Chumhra
- XML Leathanach 159
- XML “Bád na Binne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air nár chuir sé aon bhara-liobar ar an bhfear eile.(sceitse do bhád ag aithint na codanna éagsúla; stuimine, rís, siota, fosta agus cille nó cile)Bhí a stuimine go suidhte sa mhúnla agus an fosta chun stiúrtha na suidhe
Bhí a seólta go módhmharach ceanárd is iad ag freagairt go h-áluinn don rísMar sin féin sa rás le Bád-a'-Chalaithe do buadhadh ar Bhád-na-Binne. Ach connus! Is amhlaidh a thógadar beirt de lucht an chala sa bhád. Bhí báig is gaol ag an mbeirt le chuid de Ghríbhthíníg Chinn Áird agus le báigiúlacht a thángadar ar bórd innte. Ó Cé an Daingin go dtí'n fiach amuich a bhí an rás. Gluaiseadar le chéile go sleamhain beó. Do bhí Bád na Binne ag bogadh go deas ó'n mbád eile agus nuair a bhí sí ag dul chun cinn theastuig ó bheirt an Chalaithe go dtabharfaidís scóp ní b'fheárr di. Thairigeadar san téad a'tseóil chun an seól a sgaoileadh amach breis. Nár bhris an téad agus anuas leis an seól. Sar a raibh an crann tógtha anuas agus téad nuadh curtha air bhí an bád eile aig ceann sprice. Bhí ana lúthgháir ar mhuinntir an Chalaithe. Dubhairt duine acu go mbuadh-(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cinn Aird, Co. Chiarraí