Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 590

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 590

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Leathanach 590
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal) (ar lean)

    Bhí feirmeóir mór ann fadó agus bhí buachaill bocht mar buachaill aimsire aige.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Bhí an muilleantóir sastha léis an sgéal agus do thug sé trí púint do. An cheadh tig eile a bhuail léis ná tig an gairdineóra. Ní raibh fhios aige gurabh iadh na h-éin a bhíodh ag deanam aon mhaitheas agus thug sé trí púint do as an sgéal a breith chuige. Bhí sé ag imteachth leis agus sé an ceadh tig eile a bhuail léis na tig an ghaba. Cuaidh sé isteach agus dinnis sé do gur bé fé ndeara dho gan a bheit saidhbhir na buille luat an Luain agus an buille deirineach an tSatairn a bheit aige. Thug an gaba trí púint do as an sgéil a breith cuige. Nior bfhada uaidh a bhí an baile anois agus do bhain sé amach é trathnóna an lae sín. Nuair a cuaidh sé abaile theaspáin sé na trí ribe óir d'atair a céile agus annsan dhoig sé iadh. Cadh na thaobh gur dheinis é sín ars athair a céile léis. Ní dubhrais liom a tabhairt duith i naon chor ach díreach iadh a theaspáint duit. D'imtigh atair a céile an garsúin annsan ag lorg na trí ribe óir, féuchaint an bfeadfadh sé an garsún a mharbúghadh. Tháinig go dtí tig Fhathach Fathach an Óir. Tháinig an cailín amach agus dubhairt sí léis go raibh gom ghlan ar an bFhathach indhiú agus aoinne go mbearfadh sé ag an dtig air go n-iosfadh sé é. D'imthig an fear fé mar thainig sé ach amsin go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Laochdha
    Inscne
    Baineann