Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 422

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 422

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 422
  3. XML “An Fear a Bhí ag Dul chun an Daingin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear fadó ag dul an Daingean le capall 's cairt.
    Nuair a bhí se chómh fada le "Cam Caoch", do bhuail muc leis ar an mbóthar agus ní scaoilfeadh an mhuc thairis sin siar é.
    Do thairrig sé chuige fuip mhór a bhí aige, agus bhuail se stiall ar an muic, ach má bhuail ar an neómat san do buaileadh bodhar balbh é féin, ach ní fheacaidh sé an mhuc a thuille.
    Nuair a sroich sé an Daingean chuaidh sé gan mhoill a triall ar an sagart agus dhein sé cómharthaí dho dtaobh na muice chómh maith 's d'fhéadh sé é, 's thug an sagart éadach fasa bán do, agus dúbhairt sé leis nuair a cídeadh sé arís, í bhuailadh leis an éadach. D'fhan sé sa Daingean an oidhche sin agus an tarna h-oidhche agus é a teacht abhaile, do bhuail an mhuc leis san áit chéadna
    Do dhein sí fé, ach má dhein
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Ríoghbhardáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    74