Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 424

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 424

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 424
  3. XML “Na Capaill Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí bean thiar i mBaile Ghainín fadó, agus oidhche amháin chuaidh sí amach a' siúbhal go dtí an tráig.
    Bhí sí a siúbhal léithi siar 's aniar ar an dtráig, agus níor bh'fada go bhfeaca sí trí cinn de chapaill isteach chúichi ó'n bhfairrge agus níor stadadar go dtángadar ar an dtalamh tirm.
    Bhíodar annsan ag rith mór-dtímpeall uirthi ar feadh i bhfad, agus iad fé mar a bheidís gur mhaith leó go ndéanfadh sí muinntearshas leótha; ach, níor dein sí aon iarracht ar san do dhéanamh. Thógadar a gcinn annsan, agus seo leótha arís amach san bhfairrge agus ní fheacaidh sí ó shoin iad.
    Do chaill sí iad, mar dá gcaitheadh sí blúire cré ortha le linn iad do bheith a rith tímpeall uirthi, ba léithi féin iad ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Tomás Gruiméill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56