Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus Lios-na-Caolbhuidhe fadó agus oidhche amháin bhí scata bailighthe 'na thig ag imirt chártaí.
Tímpeall a dó réag do stadadar de's na cártaí, 's chuaid fear-a-tighe a triall ar an dtráig feuchaint an raibh aon fheamhnach ann a bhailbheóchadh sé.
Nuair chuaidh sé go bruach na trágha cad a chífeadh sé na bóthar breágh leathan a dul tríd an dtaoide amach, agus fear agus capall iallaite aige a' déanamh air isteach.
Nuair tháinig an marcach suas leis, dúbhairt sé leis preabadh anáirde ar an dtaobh thiar de ar dhrom an chapaill. Do dhein, agus as go bráth leis, is níor stad sé leis go dtí go ndeaghaidh sé isteach go cathair mhóir álainn, mar a bhfeaca sé na sluaighte daoine ag siubhal sráideanna síos agus aníos, agus iad ag aerídheacht 'sa déanamh pléisiúir dóibh féin.
Nuair a thangadar ó's cómhair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- S. d'h Órda
- Aois
- 60