School: Baile Uí Dhuibhne

Location:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0429, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Page 233
  3. XML “An tIascaire ó Phort Mag Aoidh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An t-Iascaire ó Phort Mag Aoidh
    Do bhí Iascaire i bPort Mag Aoidh fadó gur b'ainm do Seán Ó Conchúbhair.
    Do chuimhnig sé lá ar dul go Mericá agus níor stad an saoghal leis gur chuardh [go ndeaghaidh]. sé ann.
    I Nuadh Eabhrach a chuir sé fé ar dtúis agus bhí obair agus tuilleamh maith aige annsan ar feadh blianta.
    Nuair a bhí roinnt mhaith airgid curtha i dtaisce aige, dúbhairt sé leis féin go raghad sé tamall eile ó dheas ins an dtuaith, féuchaint a ndéanfadh sé saidhbhreas níos tapamhla ann, ba-m hall leis an teacht isteach a bhí aige mar a raibh sé.
    D’imig sé agus chuaidh sé a bhfad ó dheas, agus má dhein, ní raibh obair le fagháil annsan aige mar a shaoil sé bheadh, agus is amhlaidh a bhí an sparáinín a bhí aige i dul i luigheadh in aghaidh an lae. Nuair a bhí deire caithte ‘ge do dhruid sé tamall eile ó dheas, agus is amhlaidh a bhíodh sé a' tuilleamh sa chaitheamh 's a druideamhaint ó dheas diaidh ar ndiadh, go dtí ar deire thiar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Peig Ní Dheada
    Gender
    Female
    Age
    14
    Informant
    Pádruig O' Mórdha
    Gender
    Male