Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 433

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 433

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 433
  3. XML “An Fear a Dhíol A Anam leis an nDiabhal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear san Leitriúch fadó a bhí ana-thughtha do chártaibh. Oidhche amháin, bhí an-imirt le bheith ar siúbhal i dTig an Chrosaire sa chomharsanacht.
    Ba bhreágh le na chroidhe bheith sáidhte san imirt sin, ach do tharla ná raibh pinginn ruadh na phóca aige an oidhche sin breis ar aon oidhche eile dár rug air, ná aon teacht air aige ach chómh beag.
    Fea'n (?) a' lae sin, bhí a cheann fé aige, agus é ag gabháilt tímpeall, agus é a smaoineamh 's a' machtnamh.
    Nuair a tháinig an oidhche dúbhairt sé leis féin go raghadh sé ag feuchaint ortha pé scéal é, 's go mbeadh sásamh an chúil-chearrbhuig ar a luighead aige.
    Bhí tig seo an Chrosaire trí mhíle slíghe uaidh, agus ar thuiteam na h-oidhche do ghluais sé leis fé na dhéin. Bhí an oidhche dorchadh agus an spéir lán de
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0810: The Snares of the Evil One
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Sean Ó Gríbhfín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75