Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 603

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 603

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 603
  3. XML “An Luchargán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    do bhí fearg air chúichi mar gheall ar an Lotharagán do scaoileadh uaithi.
    An mhaidin chéadhna do bhí mórán sneachtaidh sa talamh agus do chuaidh an fear a ndiaidh an Lotharagáin agus do lean sé rian a chosa. Do bhí sé ag dul go dtí gur tháinig sé go dtí liosacán. Istig san lios sin do bhí an Lotharagán agus é ag cainnt 's ag gaíridhe leis an gcuid eile aca. D'éistig an fear amuich agus cad a bhí ar siubhal aca ach 'bean a' tighe' agus dúbhairt an Lotharagán "gach lá an fhaid a bhías ann bhíodh sí ag caitheamh gach sórt uisge amach ar an lic atá las' muich de'n dorus." Dubhart léithe lá amháin nuair a bhí sí ag nighe a lamha taréis císte do dheánamh go raibh maitheas an tighe ag dul amach an dorus."
    Dubhairt sé leis an gcuid eile go raibh ór shíos fe'd lic sin agus ná raibh fhios aici é. Ní heísteóchadh an fear le na thuile ach do rith sé abhaile agus glionndar na chroidhe. Nuair a chuaidh sé abhaile d'innsig sé an sgeal dá bhean, agus chuadar ag raobadh acht tá sé ráidthe ná fuaireadar é agus go bhfuil sé ann ó shoin.
    Fuaireas na sgeálta so o'm mháthair atá 57 bl. Cualaidh sí sin iad óna h-athair do cailleadh nuair a bhí sé 80 bl. d'aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Leighin
    Inscne
    Baineann