Scoil: Baile Uí Dhuibhne

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 611

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 611

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
  2. XML Leathanach 611
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Uair amháín do bhí fear na chómhnuidhe san Muir-a-Gán i bproíste Bhreanndán agus bhí oighean lán d'óir aige. Lá amháin nuair ná raibh éinne ag féachaint air, d'ealuig sé síós go dtí páirc le Tomás Ó Muineacháín go nglaodhtar "Móinfhéar a Chaptaen" air. Do dhein sé poll mór doimhin agus chuir sé an t-oighean síos ann. Chuir sé cré agus clocha móra anuas air, agus chuir sé féar glas anuas ar seo, chun ná beadh droch-amhras ag éinne go raibh an t-ór ann. Nuair bhí sé ag fághail bháis dúbhairt sé go raibh an t-ór i bhfolach aige, ach níor chuaidh éinne á lorg, mar níl fhios aca cár dhein sé an poll, agus deirtear go bhfuil an t-ór san áit sin fós.

    (Fuaireas an scéal sin ó'm athair atá na cómhnuidhe i mBreanndán, agus chualaidh se sin an scéal ó'n athair féín atá marbh anois)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Éamon Ó Déada
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí