Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 647
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fado, Fadó, bhí fear a dTráighlí, agus bhí bolg tinn aige. Cuaidh sé go dtí an Óispaidéal agus dúbhairt an dochtúir leis, ná raibh aon leigheas aige dho. Bhí an fear ag fághail bháis agus bhí an dochtúir agus na daoine a bhí ar an Óispaidéal ag cuimhneamh cad a bheadh air. Cad a chuimhneadar a dhéanamh do, ach an bolg do thógaint amach as. Do thóg an dochtúir an bolg amach agus fuair sé caora agus do mharibh sé í agus do thóg sé amach an bolg as an gcaora agus chuir sé bolg na caorach isteach san bhfhear. Bhí an fear go maith ar feadh blíana agus taréis bliana do caitheamh bhí dhá úan aige, agus fuair sé bás annsan.
- Bailitheoir
- Máire Ní Rínn
- Inscne
- Baineann