Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo íad na chomhartaí aimsir breág is mó bhíonn ag na daoine san áit seo:-
1. Nuair bhíonn an ghaoth ag séideadh isteach ón bhfairrige agus an spéir gan aon scamaill
2. Nuair bhíonn dath dearg ar an lán ré agus í ag éirighe
3. Nuair bhíon dath dearg ar an spéir san oirthear agus an tráthnóna go ciúin cómhartha seaca
Seo iad na cómharthaí droch-aimsire is mó bhíónn ag na daoine san áit seo
1. Deireann na sean daoine dá mbeadh sé ag bagairt báistige ná cuirfeadh sí go mbeadh an coide ag teacht agus ná dtriomóchad sé go mbeadh an coide ag trágha
2. Nuair bhíonn an gaoth indeas nó aníar indeas
3. Nuair bhíonn sneachta ag teacht ón iarthar
4. Nuair bhíonn scamaill ar nós bearradh caorach ins an spéir
5. Nuair bhíonn dath an chopair ar an spéir agus an ghrian ag dul fé- Bailitheoir
- Éamon Ó Déada
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Dómhnal Ó Ceinnéada
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí