Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 696
- XML “An Doineann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó fadó tímcheall céad blíain ó shoin i mí Éanair tháinig tuile mhor i "nAbha na Féinne" agus bhí caoghadh beithídig le Gearóid Muiragrán i Macha-an-Mhíl agus do báthadh íad go léir. Lá ar na mháireach do chuaidh an fear aimsire i bhí aige ag lorg na mbeitigheach ach ní raibh aon ceann aca le fághail. Núair a tháinig sé abhaile d'fhiafhraig Gearóid dhe an bhfeaca sé aon ceann aca. "Ní fheaca," arsa an fear aimsire, "mar do scúab an tuile íad."Tháinig tuile mhór sa bhlían 1933 i mí na Nodhlag. Do leag sé an droicheadh íarainn i bhí treasn Abha na Féinne in-aice na fairrge.
Cómharthaí go raibh Stoirm ag teachtNúair a bhíonn fáinne mór thímcheall an ré agus na réilthínní in-aice leis lá ar na mháireach bíonn stoirm mór ann.
Tóirneacha agus SplannchachaLá amháin i mí Éanair sa bhlían 1936. Tháinig tóirneacha agus spunnchacha móra agus do mhairbh síad trí ba agus cuig cínn do gamhna agus asal le Tomás Mac Gearrailt atá na chómhnuidhe sa gCeapaig.Oidhche eile i mí Meitheamh sa blían 1936 do tháinig tóirneacha agus splanncacha ana mhor agus do mhairbh síad capall ana bhreágh le Seán Ó Néil atá na cómhnuidhe i Contae na Mídhe anois.
Oidhche na Gaoithe Móire 1839(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Bric
- Inscne
- Fireann