Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 706
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sean scoil i mBaile Uí Dhuibhne fadó agus Tomás Ó Fínn (?) an ainm a bhí ar an bhPríomh múinnteóir. Bhí sé na chómhnuidhe ins an scoil leis. An uair sin ní raibh aon cóip leabartha ná peanna ná aon nídh eile aca ach píosaí slinntí ceárnacha agus píosaí cailce. Is istig a bhíodh an scoil aca. Fear ón gceanntar seo do b'ead Tomás agus bhí an Gaodhluinn go blasta aige. Gaodhluinn go léir a bhíodh ar siubhal ar scoil acu. Ní bhíodh aon Bhéarla á labhairt aca agus sin é an cúis go bhfuil an Ghaodhluinn cómh maith ag na sean daoine anois. Ní bhíodh aon mbínnse ná cathaoir aca ach stólanna fada. Ceann tuighe a bhí ar an scoil. Fadó bhíodh scoil ar siubhal cúpla oidhce ingach tig feirmeóra. Aon lá amháin tháinig cigre agus bhí an máighistir amuich. Do dhein an cigre scrudú (?) agus do chuir sé amach as an scoil é.Eibhlín Ní Shuileabháin, Taobh-a-Cnuic Breanndán
Fuaireas an sceal so óm sheana athair atá 80 bl daois.- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Shuileabháin
- Inscne
- Baineann