Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 711
- XML “Ainmhithe dá gCur i bPáirceanna nó fé Claíocha nó in Áiteanna Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear san Cheapaigh fadó, agus aon oidhche amháin do mharbhuigheadh a bheithighíd go léir. Ní raibh fíos aige cad a tharla dhóibh. Do chuaidh sé go dtí an Daingean lá an aonaigh na dhiaidh sin, agus do cheannuigh sé trí ba agus trí gamhna. Seachtmhain na dhiaidh sin, do chuaidh an fear amach maidin amháin chun biadh do thabhairt dóibh, agus do bhí dhá bhó agus dhá ghamhain marbh raimis arís. Cuaidh an fear go dtí ceann de's na comharsain agus d'iarr sé air cad do bhí le dhéanamh aige. Dúbhairt an chómharsain leis gurab amhlaidh a chuir duine éigint bhó nó gamhain síos i bpoll san pháirc agus gan an cheann ná na cosa do ghearradh. Chuaidh an beirt fhear ag lorg na háite agus do fuaireadar bó shíos fé'n gcré i gcuínne paírce. Annsan do ghéarradar na cosa agus an ceann di. Tá sé raidthe gurab é an chómharsain féin do chuir annsan í, mar ní bheadh fhios ag cínne eile an áit 'na raibh sí curtha.
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Leighin
- Inscne
- Baineann