Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 718
- XML “Pósaithe”
- XML “Seancheirdeanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bróga íseal, stocaí gorma, agus caipín bán ar a ceann aici, agus stropaí ag silead leithe.
Fadó do bhíodh na mná na suidhe ar chúlóig taobh thiar do na fir, ar chapall, agus do bhíodh íallait fé'n bfear. - Bhíodh seana chéard acha fadó ag deanamh coinnlé mar ní bhíodh aon t-solus eile aca. Is amhlaid a gheibhidís geir. Annsan leighidís í agus nuair bhíodh sí leighte chuiridís isteach i múnla í agus d'fhágaidís annsan í go mbíodh sí cruaidh agus annsan toghaidís amach as an múnla agus bhíodh sí na coinneall déanta. Bhíodh céard eile acu leis nuair a bhídís ag áirneán isd'oidhche sé an solus a bhíodh aca na geitirí ar lasadh isthig i slighe i bpoll an iarta; agus na geitirí súighte in ile fíogaig. Agus bhídís ag áirneán ar feadh na h-oidhche agus na geitirí ar lasadh aca. Do bhíodh na mná ag déanamh a bplainín féin an uair sin. Agus bhídís ag déanamh bhest muinirtl dos na fhearaibh agus ag déanamh treabhsairí don phlainín liath.
- Bailitheoir
- Máire Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann