Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 720
- XML “Seancheirdeanna”
- XML “Pósaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sa gheir agus annsan chuiridís isteach i mblúire scilléid í. Annsan chuiridís an scilléad isteach a bpoll san bhfalla. Do dheinidís saghas coinnle as giúise leis. Do lasaidís an ghiúis agus chuiridís anáirde ar an bfalla í cun solas do thabhairt.
- Do bhíodh nós i gCiarraighe fadó agus ta fós i áiteanna áirighthe. Nuair a bhíodh postaí i dtig, do bhailigheadh na buachaillí tuighe ó fhaidh agus gearracht agus thagaidhis go dtí tigh an phósta ag triall ar rinnce agus ceol agus i dótain pórtair do ól. Bhídhis deannta suas i gculaithí tuighe agus uimhir ar háta gach duine acá sa tslíge na bíodh ag an gcaptaen a bhíodh ortá ach gláodhach ar gach duine acu dréír a uimhir. Sa tslíghe sin ní bhíodh fhios ag éinne cér bhé féin nó cadh as é.
(Fuaireas an sgéal sin ó'm athair atá 48 bl - Chúlaid sé sin é ó na hathair atá marbh anois)- Bailitheoir
- Cáit Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann