Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San teóra atá idir Chnoc Bhreánain agus paróiste Mórach tá cnoc ann agus glaodann siad "Fuithir na Manach," air. Deir siad go mbíodh na sagairt ag léigeamh an Aifrinn ann fadó i Aimsir na Géirleanamha. Tá leac mhór ann go nglaoidís "Leac na h-Altórach" uirthi. Fadó bhíodh Aifreann á léigheamh i dTír Bhruin i bpairc le Mícheál Ó Cnochubhair go bhfuil carraig mhór ann go nglaotar "Carraig an Aifrinn" uirthe, agus bhí pruaseanna inaice na carraige 'na dtéigheadh 'na sagairt i bfólach ón dtóir ionnta. Lá amháin nuair bhí sagart ag léigheamh an Aifrinn do chonnaic na daoine na saighdiúirí agus na gadair ag teacht. Dúbhairt an sagairt leis na daoine gan corruige. Dhein sé fíor na croise ós cómhair na ngadar amach. Cad a léimfeadh amach as poll a bhí sa phairc ach trí molthacháin. As go bhráth leo agus na gadair na ndiaidh. Do baisteadh "Tobar na Molt" ar an áit ó shoin. Inaice Árd Fhearta atá sé. Is anamh a leigeadh na sagairt an Aifreann ins an tighthib. Is ins na cnochaibh agus caoillte is mó a léighidís é. Bíod mórán airgid air cheann sagairt an uair sin.(Fuaireas é seo óm athair atá 49 bliana d'aois. Cualaidh sé é ón a mhathair féin atá marbh anois)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhuirchearthaigh
- Inscne
- Baineann