Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne
- XML Leathanach 733
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar tá a lán fotharacha ann agus fotharach Eibhlís a ghlaodhtar ar ceann aca. (P.P. 56)
H) CÚL DRAIGNEACHGlaodhtar "Cúl Draighneach" air mar tá á lán tor draighin ag fás ann
I) BARRA NA hAILLEGlaodhtar "Barra na hAille" air mar tá sé ar faobhar na faille
J) CATHAIRGlaodhtar "Cathair" air mar bhí tig mó ann fadó agus tá binn mhór ann fós agus tá prúais ag dul ón áít chéádna suas go dtí bár an cnuic - "Clocán a Cólainn" (?) a glaodhtar ar béal an phruais. Deirtear gur na "Tuatha de Dhannans" (?) (X) a bhí i bhfolach ann fadó. Tá cuas mór in aice na páirce agus "Cuas na Catharach" a glaodhtar air.
K) GARRAIDHE CAOLGlaodhtar "Garraidhe Caol" air mar páirc caol fada iseadh é.
L) GARRAIDHE THAIDHGGlaodhtar "Garraidhe Thaidhg" air mar bhí fear na cómhnuidhe ann fadó dar bainm do Tadhg Ó Suileabháín.
M) FEARANN a PHÚCAGlaodhtar "Fearann a Phúca" air mar tá liosacháín ann agus deirtear gur na daoine maithe atá na gcómhnuidhe ionnta
N) GARRAIDHE FLIUCHGlaodhtar "Garraidhe Fliuch" air mar páirc ana fliuch iseadh í.O) GARRAIDHE AN CHUAISÍNGlaodhtar Garraidhe an Cuaisín air mar tá cuas beag in-aice leis
P) GARRAIDHE na hAbhann Glaodhtar Garraidhe na hAbhann air mar tá abha ag rith in aice leis.
X Cómhlainn (Clochán na Comhlann)