Scoil: Killorglin (B.) (uimhir rolla 12832)
- Suíomh:
- Cill Orglan, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Killorglin (B.)
- XML Leathanach 341
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí Eoghan Raudh Ó Súilliobháin ag gabháil a bóthar lá le sagart agus d'fhiafruigh an sagart d'Eoghan cathain a thiocfadh an chainnt do'n londubh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí beirt fhear ag gabháil a' bealach lá le'n a chéile agus d'fhiafruigh duine aca de'n duine eile conas a chuirfeadh sé na bhéarsaí le chéile, dubhairt an file gur fuirist iad a dhéanamh. Casadh caora ortha agus dubhairt an file: "Is breágh é do lomra , a chaora." Casadh bean ortha annsin agus dubhairt an file "Is breágh iad do dhá chíchnr, a bhean." Casadh faoileán ortha:- "Ar an dtráigh a chodhlann na faoileáin." Thánadar go garrdha slat agus dubhairt an file:- " 'Sa Gheimhreadh a fhightear iad san." " 'Sead" ars' an fear. "Nách í sin an bhéarsa déanta anois" ars' an file:-
"Is breágh é do lomra, a chaora
Is deas iad do dhá chíchnr, a bhean,
Lus' an dtráigh a chodhlann na faoileáin,
Agus ins' an nGeimhreadh a fhightear na slait."Caitlín Uí Dhonnchadha, Loch Cárrthaighe, Ciarraighe, ó bhéal-aithris, Máire bean Uí Rathaille, Gleann na gCaileach, Loch Cárrthaighe, Ciarraidhe, in aois a 70 bl.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhonnachadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 17
- Seoladh
- Loch Cárthaí, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Rathaille
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Gleann na gCoileach, Co. Chiarraí