Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)

Suíomh:
An Choraidh, Co. Shligigh
Múinteoir:
Bean Uí Chaomháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0526

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0170, Leathanach 0526

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Curry (C.)
  2. XML Leathanach 0526
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear 'n- a chómhnuidhe i gCo. Shlighigh uair amhán. Bhí dhá bhó is mórán caorach aige. Bhí slataire ar bhuachaill do dhriotháir in éinfeacht leis. Maidin amháin d'éirigh sé amach, bhí ceó trom ar na cnuic, chonnaic sé na caora ag rith, agus dob ait leis é. Ceard a bhí ag cur sa t-siúl mar ní raibh an madra amuigh ná aon rud chun iad a cur sa t-siúl mar sin. Is gairid no gur bhuail an capall anoir chuige agus marcach in áirde air, agus caipin dearg an an marcach.
    Do chuir sin an iongantas air, ní nach ionghnadh. Is gairid no go dtáinig sé níos giorra dó, is cuaidh sé go dtí an tobar agus d'ól sé deoch uisge as, ansin bhailigh sé leis isteach san bhfairrge agus ní fhaca an fear aon radharc as sin amach air. Naoí seachtmhaine in a dhiaidh sin cailleadh an slataire dhriothár.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. eacha uisce (~138)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire S. Níc Dhuarcáin
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Mike Biddy
    Inscne
    Fireann