Scoil: Curry (C.) (uimhir rolla 12067)
- Suíomh:
- An Choraidh, Co. Shligigh
- Múinteoir: Bean Uí Chaomháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curry (C.)
- XML Leathanach 0523
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sagart ann uair amháin, agus cheap sé go raibh sé chómh naomhtha sin, agus go mba cheart é chrochadh suas go na Flaithis gan bás ar bith a fhágháil. Bhí sé amuigh lá ag léigheamh a thrátha, agus tháinic sé ’n-a inntinn go mbadh cheart, tháinic an gut go dtí é, agus dubhairt an guth go mbeadh bean an leanna agus an gaduidhe caorach roimhe. Cheap sé annsin nach ngabhfadh sé go na Flaithis go deo, dá mbeadh bean an leanna agus an gaduidhe caorach chun tosach air.
D’imthigh leis indiaidh a cinn roimhe, agus bhí sé ag dul thar teach osta, agus bhuail sé isteach ann agus d’iarr sé deoch. Chuaidh an bean ag líonadh pionta leanna dhó, agus an fhad ’s bhí sí dhá líonadh bhí deora ag tuitim ó na súilí.
“Cén chiall na deóra a bheith ag tuitim ó do shúilí?” adeir an sagart.
“Tá,” ar sise, “níor líon mé aon phionta leanna ariamh nach mbeadh na deóra ag tuitim liom nuair fheicim an cubhar, mar is cubhar a tháinic ó thaobh an t-Slánuightheóra nuair a cuireadh an tsleagh ann. Is túisge an cubhar ná an fuil.”
D’imthigh leis, agus níor labhair sé ná níor leig sé air héin go mbadh sagart é chor ar bith.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Mhurtaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Atty Micheál Bán
- Inscne
- Fireann